Comhionannas
Tá an comhionannas ar cheann de na croíluachanna ar bunaíodh an tAontas Eorpach orthu. Mar chuid dá iarrachtaí Aontas an Chomhionannais a thógáil, oibríonn an tAontas ar mhaithe le dálaí a chruthú chun go mbeidh gach duine in ann maireachtáil faoi bhláth i sochaí ina bhfuilimid aontaithe san éagsúlacht. Sa rannán seo, tagtar ar na fíricí agus figiúirí is tábhachtaí faoin gcomhionannas san Aontas agus faightear amach faoi ghníomhaíochtaí an Aontais sa réimse sin.