Publications Office of the EU
Helpdesk - Fógra Príobháideachta - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
An chéad leibhéal den Deasc Chabhrach

COSAINT DO SHONRAÍ PEARSANTA

Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi
phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.

An oibríocht phróiseála: An chéad leibhéal den Deasc Chabhrach le haghaidh úsáideoirí sheirbhísí leictreonacha Oifig na bhFoilseachán agus úsáideoirí táirgí eile

Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, aonad D.1, ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’

Tagairt taifid: DPR-EC-00493

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú agus a láimhseáil, an dóigh a gcinntímid go gcosnaítear iad, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirtear i láthair thíos an t-eolas i ndáil leis an oibríocht phróiseála ‘An chéad leibhéal den Deasc Chabhrach le haghaidh úsáideoirí sheirbhísí leictreonacha Oifig na bhFoilseachán agus úsáideoirí táirgí eile a dhéanann aonad D.1, ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (‘An chéad leibhéal den Deasc Chabhrach’ ina dhiaidh seo).

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do chuid eolais phearsanta agus baintear úsáid as chun freagra a thabhairt ar aon cheist nó chun dul i ngleic le haon saincheist theicniúil a luann tú agus tú ag déanamh teagmháil leis an gcéad leibhéal den Deasc Chabhrach.

Mar chuid den oibríocht phróiseála cláraítear na sonraí pearsanta a thugann tú dúinn nuair a dhéanann tú teagmháil linn agus úsáidtear iad chun freagra a thabhairt ort nuair atá d’fhiosrúchán nó do shaincheist theicniúil réitithe againn.

I gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil Oifig na bhFoilseachán in ann do cheist nó d’iarraidh a fhreagairt, d’fhéadfadh an Deasc Chabhrach an cheist sin a chur ar aghaidh chuig Ionad Teagmhála Europe Direct, atá á oibriú ag AS COMM an Choimisiúin, nó chuig seirbhís inniúil eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Déanfar an iarraidh a phróiseáil ansin i gcomhréir leis an taifead DPR-EC-01386 agus leis an ráiteas príobháideachais ar an leathanach ‘Déan teagmháil leis an gCoimisiún’.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht AE

- tá cead tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

An bunús dlí atá leis an bpróiseáil: sainordú Oifig na bhFoilseachán, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig na bhFoilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

 

I gcás teagmháil trí ríomhphost: seoladh ríomhphoist, céadainm agus sloinne, teanga agus tír chónaithe.

I gcás teagmháil ar an nguthán: uimhir ghutháin, céadainm agus sloinne, taifeadadh glaonna gutháin, teanga agus tír chónaithe.

I gcás teagmháil i litir (eisceachtúil): céadainm agus sloinne, seoladh poist, teanga agus tír chónaithe.

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn Aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin chun na seirbhísí atá iarrtha agat a chur ar fáil duit.

Nuair nach bhfuil na seirbhísí ag teastáil uait a thuilleadh, coinneoidh muid do shonraí go ceann cúig bliana ar a mhéad agus ansin scriosfar iad.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Stóráiltear na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí a uaslódáladh, etc.) ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí faoi chonradh 10839, 01/08/2022-31/07/2026 (creatchonradh in ord tosaíochta): Netcompany-Intrasoft S.A. (2b, rue Nicolas Bové, 1253 Lucsamburg) agus Infeurope S.A. (62 rue Charles Martel, L-2134 Lucsamburg). Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásail chonarthaigh shonraigh maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’ Rialachán (AE) 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Áirítear ar na bearta teicniúla sin bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí iad a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, agus na bearta sin a dhéanamh ar dhóigh a chuireann san áireamh an baol a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear. Áirítear ar na bearta eagraíochtúla an cead rochtana ar na sonraí a theorannú ionas nach mbíonn rochtain orthu ach ag daoine údaraithe a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail 'ar bhonn riachtanais eolais'. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi ar féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat i do cháil mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart rochtain a bheith agat ar do shonraí pearsanta, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig na bhFoilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála seo. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá sonraí teagmhála an Mhaoirseora le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála áirithe amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. na tagairtí taifid atá ag gabháil leo mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, ceann aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig na bhFoilseachán: info@publications.europa.eu.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir leat gearán a thaisceadh) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh na cearta atá agat faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de dheasca an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil.

10. Cá háit a bhfuil faisnéis mhionsonraithe le fáil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála uile arna ndéanamh ag an gCoimisiún i leith sonraí pearsanta, arb oibríochtaí iad atá doiciméadaithe agus atá curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cláraíodh an oibríocht phróiseála áirithe seo ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus is í an tagairt taifid seo a leanas atá ag gabháil léi: DPR-EC-00493.