Is féidir leat comhaid cháilíochta cló PDF/X a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Fhoilseacháin an Aontais Eorpaigh. Is cineál speisialta comhaid PDF é PDF/X a cruthaíodh chun malartú grafaicí agus sonraíochtaí a bhaineann le priontáil a éascú. Leis na comhaid PDF/X sin, is féidir leat an oiread cóipeanna d’fhoilseacháin de chuid an Aontais is mian leat a atáirgeadh, laistigh de theorainneacha na bprionsabal ginearálta maidir le hathúsáid, tú féin, nó le cabhair ó siopa priontála ghairmiúil, printéir nó seirbhís speisialaithe chló ar éileamh.
Tá Foilseacháin an Aontais Eorpaigh, a bhfuil comhaid PDF/X le fáil ina leith, marcáilte le deilbhín eolais gorm (i) sa rannán íoslódála de leathanach an fhoilseacháin. Laistigh den rannán íoslódála, beidh dhá dheilbhín PDF ann: gnáthdheilbhín PDF amháin agus deilbhín PDF-HD amháin. Is féidir na comhaid cháilíochta cló PDF/X a íoslódáil ach cliceáil ar an nasc taobh thiar den deilbhín PDF-HD.
Déantar gach comhad PDF/X le haghaidh leagan teanga ar leith d’fhoilseachán a íoslódáil mar chomhad zip aonair. I gcás foilseacháin níos faide, tá comhad PDF/X sa chomhad zip don inneachar agus comhad PDF/X ar leith don chlúdach. Is ‘mar atá siad’ a thairgtear na comhaid sin. Ní chuireann Oifig na bhFoilseachán seirbhísí ar fáil chun na comhaid sin a chur i gcló ná in oiriúint.