Publications Office of the EU
Metadata services - Librarian's corner
Dockbar
Seirbhísí meiteashonraí

Seirbhísí meiteashonraí

OPac – Catalóg ar líne don phobal, Oifig na bhFoilseachán

Is córas féinfhreastail é OPac lenar féidir meiteashonraí fhoilseacháin an Aontais Eorpaigh a chuardach, a cheadú agus a íoslódáil. Tá na taifid bhibleagrafacha ar fáil lena n-íoslódáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais – beag beann ar theanga an fhoilseacháin – i roinnt formáidí, lena n-áirítear Endnote, Marc21, Marcxml agus ISO 2709, ionas gur féidir iad a chur go héasca le do chatalóg áitiúil.

Meiteashonraí fhoilseacháin an Aontais i seirbhísí cuardaigh

Tá fáil ar mheiteashonraí fhoilseacháin an Aontais i roinnt comhbhailitheoirí faisnéise tráchtála agus neamhthráchtála, lena n-áirítear seirbhísí cuardaigh ar scála an ghréasáin agus na leabharlanna is mó ar domhan. Iarraimid ort seiceáil a dhéanamh leis an soláthraí ábhair atá agat faoi láthair féachaint an bhfuil meiteashonraí fhoilseacháin an Aontais Eorpaigh curtha isteach acu ina gcuid seirbhísí.

Má bhíonn aon chúnamh uait, déan teagmháil linn: OP-REC-EXPORT@publications.europa.eu

Easpórtáil meiteashonraí shaincheaptha

Cuirimid seirbhís easpórtála meiteashonraí saincheaptha ar fáil a fhreagraíonn do riachtanais leabharlanna comhpháirtíochta. Is féidir minicíocht na n-easpórtálacha, na cineálacha foilseachán atá le cur san áireamh agus a dteanga a roghnú, chomh maith le teanga na meiteashonraí. Ar fáil i bhformáidí Marc21 agus Marcxml.

Má tá suim agat sa tseirbhís saor in aisce seo, déan teagmháil linn: OP-REC-EXPORT@publications.europa.eu

Meiteashonraí fhoilseacháin an Aontais i Stóras Coiteann Meiteashonraí (CMR) Oifig na bhFoilseachán

Is féidir catalóg fhoilseacháin an Aontais a chuardach trí chríochphointe SPARQL agus comhaid inneachair ghaolmhara a úsáid agus a aisghabháil i bhformáidí éagsúla tríd an gcomhéadan RESTful ó CELLAR. Is féidir torthaí an chuardaigh a sheoladh ar ais in HTML, XML, CSV, JSON nó i srathuithe éagsúla RDF. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach na hiontrála cuardaigh ar chríochphointe SPARQL.

Tuilleadh eolais faoi Cellar agus na sonraí atá ann: https://data.europa.eu/doi/10.2830/064688

 

Tuilleadh eolais: