Ailínithe
Bíonn ailínithe coitianta i dtionscadail agus i dtascanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht bunachar sonraí. Mar sin féin, i gcomhthéacs an líonra shéimeantaigh, is é atá i gceist againn ná ailínithe ointeolaíochta inar féidir céimeanna éagsúla comhfhreagartha a bhunú idir coincheapa ó fhoclóiríní rialaithe éagsúla. Is cuid de struchtúr foclóiríní rialaithe é gur féidir céim chomhfhreagartha a bhunú idir coincheap áirithe i bhfoclóirín amháin agus coincheap i bhfoclóirín eile, is cuma an bhfuil na foclóiríní rialaithe sin i gcomhréir leis na hointeolaíochtaí céanna nó le hointeolaíochtaí éagsúla.
Is féidir céimeanna comhfhreagartha éagsúla a bheith ann idir coincheapa ó fhoclóiríní rialaithe éagsúla. Seo iad a leanas na céimeanna sin:
- Has exact match (Meaitseáil chruinn)
- Has close match (Meaitseáil ghar)
- Has broad match (Meaitseáil leathan)
- Has narrow match (Meaitseáil chúng)
- Has related match (Meaitseáil ghaolmhar)
Cé go bhfuil cosúlacht áirithe idir ailíniú ointeolaíochta agus gaol séimeantach, ní hionann iad. Is é atá san ailíniú ointeolaíochta cur síos ar a ghaire atá an chomhfhreagairt idir dhá choincheap ó fhoclóiríní rialaithe éagsúla, agus is é is gaol séimeantach ann an gaol idir coincheapa ón bhfoclóirín rialaithe céanna.
Tá na hailínithe seo a leanas ar fáil lena n-íoslódáil:
View | Name | |
---|---|---|